Cuireann sé áthas orm Wesfile Ltd a chur in aithne dhuit. Is comhlucht Éireannach é Wesfile a bunaíodh de bharr éilimh ó chustiméiri ar sheirbhís iomhá dhoiciméidí agus tiontúcháin.

Tá an comhlucht seo lonnaithe go straitéiseach in iarthar na hÉireann and tig linn do cháipéisí a bhailiú agus a scannáil. Tá ar ár gcumas dealáil le gach saighas doiciméad agus cáipéis, m.s. nótaí seachadta, comhaid phearsanta, comhaid cháiliochta – tig linn iad seo uile a thiontú go dtí foirm leictreónach – le dathanna más gá é.

Innéacsaitear na leathannaí annsin do réir do chuid sonraí féin and seoltar as ais chugat iad at CD-ROM nó tríd an ríomh-phost. Tig leat iad a ghrinniú, iad a priontáil nó iad a sheoladh go dtí, nó ó aon ait sa domhain i bhfaitiú na súl.

Tá Wesfile dulta i gcomhar le comhluchta atá chun tosaigh ó thaobh na bogearraí and cruaearraí a bhaineas le iomha-theicneolaíocht agus tá córas foirfe againn chun carn mhór páipéir a aistriú go dtí eolas leictreonach atá insroiste ar bharr do mhéaracha.

Smaoinaigh ar seo – tig le CD-ROM amháin oiread eolais a choinneál le comhadchaibinéad ina mbeadh cheithre tarraiceán, tuairim 15,000 téacs-leathanach A4.

Cuireann muid fáilte roimh jobanna móra and jobanna beaga.

Chun tuille eolais a fháil ar conas is féidir le scannáil cháipéisí dul chun sochar do’d eagraíocht, nó más mian leat athbhreithniú a dhéanamh ar sheirbhís atá agat faoi láthair ó thaobh fiúntas agus luach, tabhair cuairt ar an láthair www.wesfile.com. Tig leat annsin glaoch teileafón a chur chugainn chun demo and comhairle saor in aisce a chur in áirithe and eolas faoi chostaisí a fháil.